In ainneoin go bhfuil briseadh go fóill ann i gcomórtas na bliana seo, beidh cluiche amháin a cuireadh siar ar súil ar TG4 an deireadh seachtaine seo. Bhí an cluiche seo in ainm agus a bheith imeartha mar chuid de chluichí Bhabhta 5 ach cuireadh ar athlá é nuair a tugadh le fios go raibh Covid-19 ar chuid d’imreoirí Dragons. # DRAGONS V CONNACHTA @ Rodney Parade **Dé hAoine 05/02/21 | BEO 19:30 ar TG4** Beidh ar na Connachtaigh taisteal an tseachtain seo chun aghaidh a thabhairt ar na Dragons thall i Rodney Parade oíche Dé hAoine. Theip ar na Connachtaigh bua sa bhaile a bhaint amach cúpla seachtain ó shin nuair a chaill siad in éadan Ospreys sa Sportsground. Chríochnaigh an cluiche sin ar an scór 20 - 16 agus ba é sin an chéad uair gur bhain Ospreys in Éirinn ó bhí 2016 ann. Tugadh misneach maith do na Connachtaigh ar na mallaibh nuair a deimhníodh go bhfuil conradh dhá bhliain sínithe ag Andy Friend agus go mbeidh sé ina Phríomhthraenálaí ar na Connachtaigh go dtí deireadh shéasúr 2022/23 ar a laghad. Tá Connachta sa dara háit i dTábla B faoi láthair díreach taobh thiar de na Muimhnigh agus níl ach pointe amháin idir iad féin agus Cardiff Blues atá sa tríú háit. Tá na Dragons sa chúigiú háit i dTábla A faoi láthair gan ach trí chluiche buaite acu go dtí seo sa chomórtas. Mar sin, beidh an dá fhoireann seo ar a ndícheall agus iad sa tóir ar bhua eile an deireadh seachtaine seo. Craolfar an cluiche seo beo ar TG4 ag 19:30 agus is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an clár i láthair. Beidh Cuán Ó Flatharta i mbun tráchtaireachta agus beidh iar-imreoir le Connachta, Rónán Loughey ina chuideachta.